Access Keys:

 
 
Scoil Náisiúnta Chiaráin Naofa, Stoneyford, Co. Kilkenny

Lá Fhéile Bríde

2nd Feb 2023

Déanaimid Lá Fhéile Bríde a cheiliúradh ar an gcéad lá de mhí Feabhra. Is é sin an chéad lá den earrach. 

 

Is í Naomh Bríd banéarlamh na hÉireann. Tugtar ‘Muire na nGael’ uirthi uaireanta.

 

Rugadh Naomh Bríd i bhFochaird i gContae Lú timpeall na bliana AD 450.

 

Is iomaí nós a bhaineann le Lá Fhéile Bríde. Déantar crosa Bhríde as luachair agus crochtar sa teach iad  chun muintir an tí a chosaint ó thinte agus ó olc i rith na bliana.